Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Baitsiléir san Eolaíocht (Oideachas Luath-Óige )

Cód CAO: CM020

Pointí Iontrála CAO 2022: 316 pointí

Cad é an B.Eol. san Oideachas Luath-Óige ?

Tá tionchar ollmhór ag an gcaighdeán oideachais agus cúraim a fhaigheann páistí i luathbhlianta an tsaoil ar an oideachas agus áthas a leanann é. Ar mhaithe le cur leis an soláthar cúrsaí d’oiliúnú cleachtóirí luath-óige, is cúis áthais d’Institiúid Oideacais Marino an chéim nua leibhéal 8 a chur ar fáil, céim a dtugann Coláiste na Tríonóide creidiúnú dó. Reachtáiltear an cúrsa ar bhonn solúbtha, rud a mheallfaidh daoine ar mhaith leo obair sa ghort seo agus daoine  a bhfuil fostaíocht acu ann cheana féin ann.  

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse cúrsaí le cabhrú leo éirí ina gcleachtóirí eolasacha, tiomnaithe luath-óige . I measc na gcúrsaí seo tá, síceolaíocht an linbh, spraoi, an teanga agus litearthacht, foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán, cúram agus cosaint leanaí, na healaíona agus na luathbhlianta. Foghlaimeoidh tú faoi oideachasóirí a raibh tionchar acu ar pháistí óga, amhail Montessori, Froebel agus Vygotsky. Foghlaimeoidh tú faoin gclár Aistear agus tabharfaidh tú faoi shocrúcháin i réimse socrúcháin luath-óige.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé staidéar?

Is cuid lárnach den chéim í solúbthacht an tsoláthair. Cé go gcuirtear gach bliain ar fáil ar bhonn lánaimseartha, cuirfear ranga – ar líne agus sa seomra ranga – ar fáil ag amanna cuí chun freastal a dhéanamh ar réimse leathan mac léinn. I measc na mac léinn seo beidh daoine a bhfuil an Ardteistiméireacht nó cáilíochtaí FETAC bainte amach acu, agus daoine atá ar fostaíocht san earnáil luathoideachais faoi láthair.

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Beidh na scileanna agus an cumas ag céimithe an chláir seo obair i réimse  socrúcháin luath-óige.

Cad iad na roghanna eile atá agam?

Is féidir le céimithe an chláir ag leibhéal 8 leanúint ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh ag leibhéal máistreachta san oideachas nó san oideachas luath-óige. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), in Institiúid Oideachais Marino nó in áit eile.

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

  • Síceolaíocht agus Forás an Linbh
  • Peirsciptíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Dearcthaí agus Spraoi
  • An Cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige
  • Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi  
  • Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona
  • Bonnstaidéar sna riachtanais Oideachas Speisialta san Oideachas Luath-Óige  
  • Litearthachtaí sna Luathbhlianta: Sealbhú Teanga
  • Modúl Roghnach *

BLIAIN 2

  • An Óige a Thuiscint i gComhthéacs
  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Múnlaí Curaclaim agus Measúnachta
  • Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas in Éirinn
  • Folláine agus Oideachas Sláinte sa Luath-Óige
  • Foghlaim bunaithe ar Fhiosrúchán agus Cúram Imshaoil  
  • Aghaidh a Thabhairt ar Mhíchothrom san Oideachas Luath-Óige  
  • Luathfheasacht Matamaitice
  • Modúl Roghnach*

 BLIAIN 3

  • Constráidí na hÓige
  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Idirghníomhuithe agus Caidrimh
  • An Comhthéacs Dlíthiúil don Oideachas Luath-Óige
  • Tírdhreach Inmheánach an Pháiste  
  • Ceol, Drámaíocht agus na hEalaíona Comhtháite
  • Éagsúlacht Chultúrtha agus an Timpeallacht Luathbhlianta  
  • Luathlitearthachtaí
  • Modúl Roghnach*

 BLIAIN 4

  • Forbairt Ghairmiúiil: An Teoiric a chur i bhfeidhm ar an gCleachtas
  • Socrúchán sa Réimse

• Modhanna Taighde agus Miontráchtas

*Roghnaítear modúil roghnacha amháin ón liosta thíos:

  • Cumarsáid don Oideachas
  • Bainisteroireacht Airgeadais san Oideachas
  • Oideachas Luath-Óige  trí mheán na Gaeilge
  • Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas
  • Cothú agus Bia Sláintiúil
  • Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha san Oideachas Luath-Óige

 

TABHAIR FAOI DEARA: Ní chuirtear gach modúl roghnach ar fáil gach bliain

 

Eolas Ginearálta

Cód CAO: CM020

Fad: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Íosriachtanais Iontrála

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 2

Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 4

Íosghráid: Matamaitic – Gnáthleibhéal D3

Béarla – Gnáthleibhéal D3, Teanga – Gnáthleibhéal D3

Íosriachtanais CAO: 310

RIACHTANAIS FETAC

Príomhghradam iomlán Leibhéal 5 i gceann amháin de na réimsí thíos, le céad onóracha i gcúig mhodúl ar a laghad: Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh; Ceardaíocht Chruthaitheach; Dearadh; Dearadh Grafach; Riarachán; Riarachán Oifige; Staidéar Sóisialta Feidhmeach; Staidéar Gnó; Oideachas agus Oiliúint; Próiseáil Eolais; Léann Cultúrtha agus Oidhreachta; Léann Teanga agus an Léann Eorpach; Staidéar Ginearálta; An Luath-Óige; Cúram an Phobail; Forbairt an Phobail; Scileanna Seirbhís Sláinte; Ceol.  

 

Uasiontráil

Is féidir le mic léinn a bhain bliain nó níos mó amach i gcúrsa comhchosúil ag leibhéal céime cur isteach ar uasiontráil ar an gclár B.Eol. (Oideachas Luath-Óige).

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil agus ní mór d’iarratasóirí íosriachtanais uile an chláir a shásamh, chomh maith le tabhairt faoi agallamh.

Déan teagmháil le admissions@mie.ie chun tuilleadh eolas a fháil.