An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC)

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí is ea an córas a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar na cáilíochtaí a bhaintear amach in Éirinn. Déanann sé rangú ar leibhéal na gcáilíochta, an cineál gradaim agus an cineál cáilíocht.
Go hiondúil bíonn na cláir a chuirtear ar fáil san Ardoideachas ag Leibhéil 6-10 ar an CNC.
Bíonn rangú CNC na céime úsáideach chun cáilíocht ó ollscoil Éireannach a chur i gcomparáid le córas oideachais eile, m.sh. an Creat Eorpach um Cháilíochtaí.
Tuilleadh eolais faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Forléargas ar Leibhéil CNC na gCláir in IOM
Sna rannán thíos tá forléargas ginearálta ar Leibhéal CNC na gcláir éagsúla a chuirtear ar fáil in IOM. Tá an t-eolas seo tógtha ó shuíomh oifigiúil an CNC.
CNC Leibhéal 6
Tá an clár seo a leanas rangaithe ag Leibhéal 6 den CNC
CNC Leibhéal 8
Go hiondúil is Céim Onóracha Baitsiléara nó Ard-Dioplóma iad na cláir ar Leibhéal 8 den CNC agus is iad seo na cláir fochéime is coitianta san oideachas treasach in Éirinn.
Rangaítear na cláir seo a leanas in IOM ag CNC Leibhéal 8
- Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
- Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)
- Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige
- Baistiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais
- Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Ardoideachas)
CNC Leibhéal 9
Go hiondúil is cláir iarchéime iad na cláir CNC Leibhéal 9, cosúil le Dioplóma Iarchéime nó Céim Máistir.
Rangaítear na cláir seo a leanas in IOM ag CNC Leibhéal 9:
- Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
- Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) - Conair lán-Ghaeilge
- MLO Ceannaireacht Scoil Chríostaí (Ar Líne)
- MLO Oideachas Luath-Óige
- MLO Breisoideachas (Ar Líne)
- MLO Foghlaim Idirchultúrtha agus Ceannaireacht
- MLO Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe
- MLO Oideachas Matamaitice Bunscoile
- MLO Amharcealaíona