Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Seomra Faoisimh IOM

Is spás suaimhneach é Seomra Faoisimh IOM ar an mbunurlár d’fhoirgneamh Naomh Muire ar féidir a chur in áirithe.

Tabhair faoi deara go mbeidh an Seomra Faoisimh ag bogadh ón Seomra Darach go dtí an Seomra Saileach ar bhonn sealadach ón 20 Samhain go dtí an 4 Nollaig

Tá seomra faoisimh IOM lonnaithe ar bhonn sealadach sa Seomra Darach ar an mbunurlár i bhfoirgneamh Naomh Muire. Tá an spás seo ar fáil do gach mac léinn agus gach ball foirne in IOM. Is féidir an seomra a chur in áirithe ar feadh tréimhse 30 nóiméad (ar a mhéad uair a chloig) ar an Luan, Máirt, Céadaoin, Déardaoin agus Aoine le linn na bliana acadúla.

Is spás ciúin scíthe é an seomra faoisimh in IOM, áit ar féidir le mic léinn agus baill foirne sos a thógáil ón lá chun bísiú agus suaimhneas a ghlacadh. D’fhéadfaí an spás seo a úsáid chomh maith chun córais chéadfacha a bhainistiú le linn an lae. Is spás aonair é an Seomra Faoisimh IOM ar féidir a chur in áirithe ar líne ar feadh 30 nóiméad nó uair a chloig ar a mhéad in aghaidh an lae. Tá an seomra faoisimh faoi stiúir Oifigeach Rochtana IOM. Tabharfar tosaíocht do mhic léinn atá cláraithe le Seirbhís Tacaíochta Mac Léinn a chuireadh ar aghaidh iad d’fhaoiseamh ach go háirithe.

Má tá tuilleadh eolais uait, le do thoil gabh i dteagmháil le Simon Yeates, Oifigeach Rochtan IOM ag [email protected] nó trí ghlaoch ar calling 01 - 8057752.

Is féidir an Seomra Faoisimh a chur in áirithe i gcúpla bealach, faoi mar atá léirithe thíos.

Cur an seomra in áirithe tríd an gcóras áirithinte ar líne i Leabharlann IOM

  • Ar leathanach áirithinte na Leabharlainne roghnaigh an seomra faoisimh agus roghnaigh 'show availability'.
  • Taispeánfar tréimhsí saora i mar bhlocanna glasa.
  • Más mian leat 2 thréimhse leathuaire i ndiaidh a chéile a chur in áirithe má tá siad ar fáil, níl ort ach an dá bhloc sin a roghnú.
  • Chur d’áirithint isteach agus líon isteach do shonraí teagmhála ar an gcéad leathanach eile.
  • Ní mór do sheoladh ríomhphoist mac léinn/foirne a úsáid.
  • Gheobhaidh tú deimhniú den áirithint chuig an seoladh ríomhphoist seo mar aon le cód a úsáidfidh tú chun seiceáil isteach nuair a thagann tú chuig an seomra
  • Is féidir an áirithint a cheallú ar líne chomh maith, ach an nasc i do ríomhphost deimhnithe a úsáid.

Nó trí chliceáil ar an nasc don leathanach áirithinte  https://mie-ie.libcal.com/reserve/respite .

Nó is féidir scanadh a dhéanamh ar an gcód QR thíos

Book-Respite-RoomQRCode