Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumas in IOM

Tá an tSeirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumais in IOM á sholáthar i gcomhpháirt leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumais i gColáiste na Tríonóide ó 2012. Feidhmíonn an tseirbhís seo ar bhonn riachtanas míchumais; soláthraítear léi socruithe réasúnta do mhic léinn a chuireann míchumas in iúl don Oifigeach Rochtana do Mhic Léinn faoi Mhíchumas agus atreorú chuig ceann de na tacaíochtaí eile do dhaoine faoi mhíchumas, mar shampla Teicneolaíocht Cúnta (AT) nó Teiripe Shaothair (OT), mar is cuí, in IOM nó i gColáiste na Tríonóide, Bhaile Átha Cliath.

Féach thíos achoimre ghairid ar an bpróiséas do mhic léinn atá ag clárú leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumas agus conas fáil amach cén mic léinn i do chúrsaí/mhodúil atá cláraithe leis an seirbhís agus níos tábhachtaí fós conas ar féidir linn cabhrú leo barr a gcumais a bhaint amach.

  • Cláraíonn mic léinn leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumas leis An Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE) tríd an Lár-Oifig Iontrála nó am ar bith nuair atá siad ag staidéar in IOM
  • Déantar bainistiú ar an bpróiseas cláraithe leis an seirbhís do mhic léinn faoi mhíchumas trí chuntas MAESTRO an mhic léinn
  • Nuair a chláraíonn mac léinn leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumas, eagrófar measúnú riachtanas ina:
    • Déantar athbhreithniú ar fhianaise an mhíchumais
    • Socruithe réasúnta riachtanacha – i gcás nár leor na gnáthshocruithe réasúnta comónta do riachtanais an mhic léinn, pléifear socruithe réasúnta neamhghnácha
  • I ndiaidh na measúnaithe riachtanais leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumais, socrófar Achoimre Riachtanais Foghlama Oideachais (Learning Educational Needs Summary - LENS) agus uaslódálfar an achoimre seo ar MAESTRO ionas gur féidir leis an mac léinn glacadh léi.

Moltar do mhic léinn faoi mhíchumais clárú leis an Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumais in IOM chun tacaíochtaí a lorg i gcásanna go bhféadfadh aon míchumas cur isteach ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh i saol an choláiste.

Seo roinnt de na tacaíochtaí agus seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas (ní liosta cuimsitheach é)

  • Comhairle do mhic léinn Ardteistiméireachta atá sé ar intinn acu teacht chuig IOM maidir le hiontrálacha, rogha cúrsaí agus tacaíochtaí
  • Clár ionduchtaithe réamhollscoile saindeartha d’iarrthóirí agus do thuismitheoirí
  • Oifigeach Rochtana a dhéanfaidh measúnú ar do riachtanais agus a oibreoidh leat le linn d’aistear mar mhac léinn
  • Úsáid teicneolaíochtaí cuiditheacha chun cabhrú le do chuid foghlama
  • Tacaíocht Theiripe Shaothair, a thugann tacaíocht phraiticiúil rúnda do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte agus/nó deacrachtaí fisiciúla agus céadfácha acu
  • Pleanáil agus tacaíocht réamhshocrúcháin
  • Idirchaidreamh le do theagascóir/leachtóirí chun cuidiú a thabhairt le hábhair cláir ionrochtana a eagrú.
  • Iasachtaí leathnaithe leabharlainne.
  • Tá réimse tacaíochtaí ag an seirbhís do mhic léin faoi chumas le cinntiú go mbíonn lánrochtain acu ar na leithris céanna le na gcomh-mic léinn

Tá tuilleadh eolais faoi Sheirbhísí do Mhic Léinn faoi Mhíchumas ar fáil anseo